by Conradh na Gaeilge i Londain
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Language

Publishing Since
7/28/2020
Email Addresses
1 available
Phone Numbers
0 available
April 19, 2025

Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.

Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.

Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg.

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

sos cogaidh - truce

socrú síochána - peace settlement

bitheolaíoch - biological

sainmhíniú - definition

an Chaithréim Mhór - the Grand Slam

éacht - feat

April 12, 2025

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d’fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d’athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.

Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.

Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D’eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge’, de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

cion sa chion - tit-for-tat

borradh - boom, growth

coirloscadh - arson

coimhraiceoir dóiteáin - firefighter

comharthaí dátheangacha - bilingual signs

doicheallach - unwelcoming

April 5, 2025

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha. Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo.

In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d’éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas.

Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d’aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.”

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

i neasraon - at close range

olluaigh - mass grave

seabhac - hawk

sitheadh - swoop

ceannródaíoch - trailblazing

dianiomaíocht - intense rivalry

Learn Irish Online
Bitesize Irish
Unknown author
RTÉ Raidió na Gaeltachta
V H
Newstalk
Fin Dwyer
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seansálaithe
Irish Independent
The Irish Times
Donal Fallon
HeadStuff Podcasts
Seán Ó Dubhchon
Pod Engine is not affiliated with, endorsed by, or officially connected with any of the podcasts displayed on this platform. We operate independently as a podcast discovery and analytics service.
All podcast artwork, thumbnails, and content displayed on this page are the property of their respective owners and are protected by applicable copyright laws. This includes, but is not limited to, podcast cover art, episode artwork, show descriptions, episode titles, transcripts, audio snippets, and any other content originating from the podcast creators or their licensors.
We display this content under fair use principles and/or implied license for the purpose of podcast discovery, information, and commentary. We make no claim of ownership over any podcast content, artwork, or related materials shown on this platform. All trademarks, service marks, and trade names are the property of their respective owners.
While we strive to ensure all content usage is properly authorized, if you are a rights holder and believe your content is being used inappropriately or without proper authorization, please contact us immediately at [email protected] for prompt review and appropriate action, which may include content removal or proper attribution.
By accessing and using this platform, you acknowledge and agree to respect all applicable copyright laws and intellectual property rights of content owners. Any unauthorized reproduction, distribution, or commercial use of the content displayed on this platform is strictly prohibited.